|
A Chara,
Le os cionn cúig bliana is fiche tá Oideas Gael i dtús cadhnaíochta ag cur ar fáil cúrsaí Gaeilge agus laetha saoire cultúrtha. Le linn an ama sin tá na mílte ag tarraing orainn ó gach cearn d’Éirinn agus ón iliomad tír ar fud an domhain. Is mór mo phléisiúr, mar sin, cuireadh a thabhairt duit a bheith inár gcuideachta agus taitneamh a bhaint as seal ama linn nach ndéanfaidh tú dearmad air.
I gceantar álainn dheisceart Dhún na nGall gheobhaidh tú deis ar leith páirt a ghlacadh, mar aon le daoine spéisiúla eile ag a bhfuil an aidhm chéanna, i sainghrúpa teagaisc faoi chúram oide chun Gaeilge a fhoghlaim nó a fheabhsú, sin nó dul ag siúl sna sléibhte, nó a bheith páirteach i gceann dár ceardlanna, mar atá sa bhróisiúr: ceol, amhránaíocht, damhsaí agus péintéireacht. Cibé rogha a dhéanfaidh tú féadfaidh tú a bheith cinnte go mbeidh sárlaetha saoire agat linn. Cuir scéala chugamsa le haghaidh tuilleadh eolais – agus scaip féin an dea-scéala!
Le dea mhéin,
Liam Ó Cuinneagáin,
Stúirthóir Oideas Gael,
2009
|
|
For more than a quarter of a century, Oideas Gael has led the field in Irish language courses and cultural activity holidays. During this period, we have attracted thousands of participants from all over Ireland and throughout the world and I have great pleasure, in inviting you to join our participants for what will prove to be an unforgettable experience.
In the beautiful setting of south Donegal you will have a unique opportunity with other interesting and motivated people to learn or improve your Irish in a tutorial group, or to go hill-walking, or participate in music, song, dance, painting or other workshops, as set out in our brochure.
Whatever you choose, a pleasant holiday is assured. Contact me for further details – and do pass on the word |