Déan tástáil ar do chuid scileanna labhartha ag deireadh do chúrsa in Oideas Gael! Tá Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) agus Oideas Gael ag obair i gcomhpháirtíocht don dara bliain as a chéile chun deis a thabhairt do fhoghlaimeoirí Gaeilge Oideas Gael scrúdú cainte a dhéanamh agus teastas TEG a bhaint amach an samhradh seo.
Is é TEG an chéad chóras cáilíochta do dhaoine fásta atá ag foghlaim na Gaeilge. Bunaíodh TEG i 2005 agus tá scrúduithe déanta ag breis agus 2500 duine in Éirinn agus thar lear ó shin i leith. Cabhraíonn an córas le foghlaimeoirí a gcuid staidéir a phleanáil agus aitheantas a fháil ar an dul chun cinn atá déanta acu.
Beidh scrúdaitheoirí TEG i láthair i nGleann Cholm Cille ar na dátaí seo: 12 Iúil agus 26 Iúil 2014 chun scrúduithe cainte a reáchtáil. Is féidir le foghlaimeoirí a bheidh cláraithe ar chúrsaí Oideas Gael le linn na seachtainí roimh na dátaí seo scrúdú cainte TEG a dhéanamh. Bronnfar teastas TEG (páirtchreidiúint) orthusan a n-éireoidh leo sna scrúduithe cainte.
Beidh scrúduithe cainte ar fáil ag na leibhéil seo a leanas ar 12 Iúil agus 26 Iúil 2014:
Beidh comhairle ar fáil maidir le leibhéil ó mhúinteoirí Oideas Gael agus ó fhoireann TEG in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.
Cliceáil ar an nasc thíos chun clárú don scrúdú. Ní mór clárú faoi 10 Iúil do na scrúduithe a bheidh ar siúl ar an 12 Iúil. Ní mór clárú faoi 24 Iúil don dara lá scrúduithe ar 26 Iúil.Foirm chlárúcháin (Gaeilge)
Registration form (English)
€50 le híoc in Oideas Gael ar lá an scrúdaithe.
Suíomh Gréasáinwww.teg.ie
Ríomhphostteanga@nuim.ie
Guthán+353 (0)1 70 86 417