Seinm na Feadóige

Ag seinm na feadóige.

'Ag Cur Eolais ar Cheol na hÉireann', cúrsa á léiriú trí fheadóg agus fliúit ag duine de phríomhcheoltóirí traidisiúnta na tíre, ina bhfuil teagasc ar fáil do thosaitheoirí agus d'fheabhsaitheoirí araon. Míneofar sna ceardlanna chomh maith fás agus forbairt an cheoil Gaelaigh anuas go dtí ár linn féin.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé hAoine, 27 Deireadh Fómhair 2017 — Dé Luain, 30 Deireadh Fómhair 2017
Seinm na Feadóige Gleann Cholm Cille €100 Cláraigh

Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd ar mian leo eolas a chur ar ghnéithe éagsúla de cheol na hÉireann. Tháinig forbairt ar an traidisiún ceoil, amhránaíochta agus rince seo leis na céadta bliain de réir mar a chuaigh athruithe i bhfeidhm ar shaol agus nósmhaireachtaí mhuintir na hÉireann. Tá an t-ádh ar ár gcuid ceoltóirí go bhfuil taipéis shaibhir chultúrtha ceoil, damhsa agus béaloidis acu a thugann bonn do cheol traidisiúnta na linne seo.

Tá sé mar aidhm ag an chúrsa, faoi stiúir an cheoltóra aitheanta Éireannaigh Maureen McGrattan, díriú ar na gnéithe seo a leanas de cheol na hÉireann:

  • Teagasc Ceoil: Roinnt seisiúin phraiticiúla laethúla d’fhoinn simplí / rincí ar an fheadóg agus ar an fhliúit.
  • Stíleanna Réigiúnacha: Turas ceoil timpeall na tíre a dhíríonn ar na stíleanna éagsúla i ngach réigiún.

Bunchúrsa é seo maidir le foinsí cheol na hÉireann agus ní gá go mbeadh réamheolas nó cleachtadh ag an lucht páirte.