Cúrsaí do Mhúinteoirí

Cúrsaí Gaeilge do mhúinteoirí bunscoile agus meánscoile nó iarbhunscoile

Is iomaí cúrsa ag Oideas Gael atá oiriúnach do mhúinteoirí, idir mhúinteoirí Gaeilge agus mhúinteoirí ábhair eile ar gá dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim (OCG/SCG). Aithníonn an Roinn Oideachais an chuid is mó de chúrsaí Oideas Gael faoin scéim Saoire Phearsanta Bhreise (EPV).