Lóistín i nGleann Cholm Cille

Suanlios in aice le hOideas Gael
Lóistín féinfhreastail i nGleann Cholm Cille
Seomra en suite in Oideas Gael
Lóistín sa Ghaeltacht

Agus tú ag freastal ar chúrsa ag Oideas Gael i nGleann Cholm Cille is iad seo a leanas na roghanna ar féidir le hOideas Gael a chur in áirithe duit. Nuair a dhéanfaidh tú clárú ar chúrsa, cuirfidh tú in iúl dúinn an rogha lóistín ab fhearr leat mar chuid den phróiseas áirithinte. Ní ghearrfar táille lóistín ort láithreach, áfach: íocfaidh tú as an lóistín le linn do shaoire i nGleann Cholm Cille, le hOideas Gael nó go díreach leis an ionad lóistín féin.

Leaba agus bricfeasta

Leis an rogha seo, beidh tú ag fanacht le teaghlach Gaeltachta, i dtithe a roghnaítear go speisialta, agus cuirfear bricfeasta ar fáil. (Cuireann roinnt bialann sa cheantar béilí ar fáil don lón agus san oíche.) Íocfaidh tú muintir an tí go díreach le linn do thréimhse ansin. Ní féidir íoc le cárta creidmheasa leis an rogha seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€190 an duine sa tseachtain
€80 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá
€55 an duine ar dheireadh seachtaine 2 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i gceann de roinnt seomraí leapa i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ar fáil ann, faoi mar a bheadh i mbrú. (Tá roinnt siopaí agus bialann sa cheantar.) Íocfaidh tú úinéir an tí go díreach le linn do shaoire. Ní féidir íoc le cárta creidmheasa leis an rogha seo.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€115 an duine sa tseachtain
€60 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá
€40 an duine ar dheireadh seachtaine 2 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Féinfhreastal (seomraí en suite)

Leis an rogha seo, fanfaidh tú i gceann de na seomraí leapa i dteach a roinnfidh tú le rannpháirtithe eile a bheidh ar an chúrsa, ar an champas féin nó cóngarach in aice leis. Beidh cistin chomhchoiteann agus áiseanna eile ar fáil ann, faoi mar a bheadh i mbrú. (Tá roinnt siopaí agus bialann sa cheantar.) Is le hOideas Gael na tithe seo, dá bhrí sin íocfaidh tú Oideas Gael as an lóistín agus tú anseo. Is féidir íoc le cárta creidmheasa.

Seomra dúbailte nó dhá leaba€140 an duine sa tseachtain
€70 an duine ar dheireadh seachtaine 3 lá
€50 an duine ar dheireadh seachtaine 2 lá

Forlíonadh singil€5 an duine san oíche (teorainn le líon na seomraí)

Do chuid socruithe féin

Más mian leat, is féidir leat cúrsaí lóistín a shocrú tú féin le soláthróirí lóistín áitiúla, gan baint a bheith ag Oideas Gael leis. Má bheartaíonn tú air seo a dhéanamh, fiafróidh muid díot agus tú ag clárú cá mbeidh tú ag fanacht. Tá súil againn go dtuigfidh tú, le do thoil, go gcaithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil lóistín ag gach foghlaimeoir; beidh muid buíoch díot as sinn a chur ar an eolas faoi seo.

Roarty'sféinfhreastal, seomraí en suite ar fad
+353 (0)74 97 30 273
roartys@gmail.com
500 m / 0.3 míle ó Oideas Gael

An tIonad Siúilféinfhreastal, seomraí en suite
+353 (0)74 97 30 302
ionadsiul.ie
250 m / 0.16 míle ó Oideas Gael

Áras Ghleann Cholm Cilleféinfhreastal, seomraí en suite
+353 (0)74 97 30 077
arasgcc.com
3.8 km / 2.4 mhíle ó Oideas Gael

Dooey Hostellóistín beagchostais
+353 (0)74 97 30 130
glencolmcille.ie/dooey.htm
1.2 km / 0.75 míle ó Oideas Gael

Malinbeg Hostellóistín beagchostais en suite
+353 (0)74 97 30 006
malinbeghostel.com
7.4 km / 4.6 mhíle ó Oideas Gael

Fáilte ÉireannOifig Réigiúnach Turasóireachta i mBaile Dhún na nGall
+353 (0)74 97 21 148
failteireland.ie

Cuir ríomhphost chugainn go díreach fá choinne liosta teachíní féinfhreastail más é do thoil é.oideasgael@eircom.net

Ceisteanna? Freagraí!

Má fhanaim i dteach féinfhreastail - cén dóigh atá air?Bíonn tithe áitiúla ar cíos againn le linn na gcúrsaí. Roinneann ceathrar nó cúigear rannpháirtithe na tithe seo, iad ina gcónaí agus iad ag cócaireacht le chéile. Tugann sé saoirse duit teacht agus imeacht de réir mar is mian leat agus cloí le do bhuiséad féin. Níl ach siúlóid ghairid go hOideas Gael i gceist leis an chuid is mó de na tithe agus bíonn seomraí folctha le cith agus téamh iontu. I gcás cúpla ceann b'fhéidir go mbeidh ort foghlaim conas tine mhóna a chur síos - níl sé chomh deacair sin!

Cad é atá i gceist leis an lóistín ar an champas?Tá teach dá chuid féin ag Oideas Gael ina bhfuil ocht seomra agus seomra folctha i ngach ceann acu siúd. Tá seomra suí, cistin agus seomra bia ann. Is é seo an rogha lóistín is mó éilimh againn, cuir ceann in áirithe go luath mar sin! Bíonn cúpla teach lasmuigh den champas ar cíos againn a bhfuil áiseanna en suite acu fosta. Seans go dtabharfaí ceann acu seo duit mar mhalairt ar an teach ar an champas sa chás go mbeadh sé sin in áirithe cheana féin.

An ndéanann sibh freastal ar veigeatóirí nó ar riachtanais bhia eile?Tá taithí ag ár gcuid soláthróirí lóistín uilig maidir le riachtanais chothaithe éagsúla. Ní gá ach iad a chur ar an eolas nuair a shroicheann tú an teach lóistín. Is féidir leat a thaispeáint dóibh chun bia a ullmhú de réir do chuid riachtanas féin fiú!

An ndéanann sibh freastal ar theaghlaigh?Molann muid i gcónaí go dtabharfadh teaghlach ar bith teach nó teachín áitiúil ar cíos. Cabhróidh muid leat ceann a chur in áirithe sa chás go bhfuil ceann ar fáil. Má tá tuismitheoir/tuismitheoirí ag freastal ar chúrsa, is féidir linn duine óg ón cheantar a fháil mar fheighlí leanaí le linn na ranganna. Déanann an tuismitheoir/na tuismitheoirí socrú leis an fheighlí leanaí iad féin nuair a thagann siad go Gleann Cholm Cille.

Éadaí leapa?Cuirtear gach saghas éadaí leapa ar fáil sna tithe féinfhreastail uilig. Is fearr go dtabharfadh daoine a gcuid tuáillí féin leo ach bíonn taisce éigeandála againn más rud é go bhfuil tú ag taisteal thar sáile agus go m'fhearr leat gan a thuilleadh bagáiste a iompar!

Cá háit agus cén uair a bheidh orm íoc as mo chuid lóistín?Íoctar as an lóistín ar theacht chun an chúrsa duit. Íoctar táillí leaba agus bricfeasta go díreach leis an teaghlach lena mbeidh tú ag fanacht, íoctar as lóistín féinfhreastail go díreach trí oifig Oideas Gael. Moltar seic nó airgead tirim a bheith agat don idirbheart seo mar seans nach mbeadh áiseanna i gcomhair cártaí creidmheasa ar fáil i gcónaí.

Cé mhéad oíche a bheidh i gceist le m'áirithint lóistín?Más rud é go gcuireann tú do chuid lóistín in áirithe trí Oideas Gael cuirtear an lóistín ar fáil duit ó dháta tosaigh do chúrsa linn go dtí maidin an dáta imeachta. Dá mbeadh cúrsa seachtaine ar siúl agat, mar shampla, bheadh an lóistín ar fáil duit ó thráthnóna an tSathairn (dáta tosaigh an chúrsa) agus ní bheadh ort fágáil go dtí maidin an tSathairn ina dhiaidh sin (7 n-oíche san iomlán).