Saibhreas na Gaeilge (Toraigh)

Is áit ar leith é Toraigh a bhfuil saibhreas Gaeilge agus saol traidisiúnta ann nach bhfuil a sárú le fáil. Tá cúrsa speisialta á thairiscint ag Oideas Gael ann arís i mbliana do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu cheana féin agus a bhainfidh sult agus sásamh as seal gearr a chaitheamh ar an oileán. Is é an Dr Seosamh Mac Muirí a bheas ag stiúradh an chúrsa seo ar an oileán ina mbeidh meascán suimiúil de ranganna, ceardlanna agus imeachtaí.

FÉILIRE
Teideal Suíomh Praghas
Dé Sathairn, 30 Meitheamh 2018 — Dé hAoine, 6 Iúil 2018
Saibhreas na Gaeilge (Toraigh) Toraigh €200 Cláraigh

Cén cineál cúrsa é?

Beidh an cúrsa ag díriú ar leaganacha cainte, logainmneacha, seanchas Dhún na nGall agus oidhreacht na litríochta. Beidh teorainn 25 duine le líon na rannpháirtithe agus tabharfar tús áite dóibh siúd a bhí ar chúrsa de chuid Oideas Gael cheana féin sula nglacfar le hiarrataisí eile.

Clár ama

Dé SathairnBád go Toraigh agus lóistín a shocrú (4pm)
Fáiltiú ó Rí Thoraí, Peatsaí Dan Mac Ruairí
Seisiún Ceoil

Dé DomhnaighSiúlóid threoraithe thart ar an Oileán (3-5pm)

Dé Luain - Dé hAoineRanganna Gaeilge ar dhá leibhéal (10am-1pm)
Balor & Scéalaíocht na Miotaseolaíochta; Logainmneacha an cheantair; Scéalaíocht & Seanchas; Cuairteoirí cáiliúla ar Thoraigh; Naomh Colm Cille (3-5pm)
Amhránaíocht an Oileáin; Seanchas na Mara; Litríocht Thoraí agus Chloch Cheann Fhaola; Damhsa (9pm - ach amháin Dé hAoine)

Dé hAoineSlán le Toraigh (4pm)

Lóistín & Taisteal

Cuirfear eolas maidir le socruithe taistil an chéad chúrsa eile ar fáil anseo in earrach na bliana 2018.

Socrófar a rogha lóistín do chách roimh ré. Tá Oideas Gael i mbun cúrsaí lóistín a réiteach i láthair na huaire agus cuirfear tuilleadh eolais ar fáil go luath. Meastar go mbeidh costas an lóistín mórán mar a bhíonn i gcás chúrsaí Oideas Gael i nGleann Cholm Cille.

Comhairle phraiticiúil

Eagrófar cuid de na himeachtai amuigh faoin aer: ní mór a chinntiú, mar sin, go mbeidh éadach maith báistí, bróga compordacha siúil agus tóirse leat. Tugtar comhairle duit d'árachas taistil féin a bheith agat. Ní ghlacann Oideas Gael freagracht ar bith as sábháilteacht na rannpháirtithe a ghlacann páirt in aon imeachtaí atá eagraithe faoi choimirce Oideas Gael.

Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn má tá ceist ar bith agat faoin chúrsa.