Cuirfidh Oideas Gael clár iomlán cúrsaí Gaeltachta ar fáil don bhliain 2022 a bheidh ar aon dul leis an treoir sláinte phoiblí is moille. Tá muid ag súil le fáilte a chur romhat go Gaeltacht Thír Chonaill arís!
Tháinig treoir sláinte phoiblí úr i bhfeidhm ar an Luan 28 Feabhra a raibh maolú mór ar shrianta COVID-19 in Éirinn mar thoradh uirthi. Tharla sé seo sna sála ar chlár vacsaínithe ar éirigh thar barr leis agus i ndiaidh tréimhse inar tháinig laghdú suntasach ar líon na gcásanna tromchúiseacha den ghalar sa tír.
Tá breis eolais ar an leathanach seo a chuideoidh leat agus do chuid pleananna á ndéanamh agat. Tá an t-eolas seo ag brath ar threoir sláinte Rialtas na hÉireann agus d’fhéadfadh sé athrú má thagann athrú ar na cúinsí sláinte phoiblí. Cuirfear leis an eolas ar an leathanach seo de réir mar a bheidh tuilleadh sonraí ar fáil. I dtaca leis na beartais atá i bhfeidhm i láthair na huaire, iarrtar ort aird a thabhairt ar an treoir thíos:
Agus tú ag cur cúrsa in áirithe, is féidir a bheith cinnte go ndéanfar aisíocaíocht ar tháille iomlán an chúrsa leat sa chás nach gceadaítear duit freastal ar an chúrsa de dheasca comharthaí den ghalar COVID-19 a bheith ort nó de dheasca srianta sláinte phoiblí. (Is cuma más srianta in Éirinn nó san áit ina bhfuil cónaí ort féin a bhíonn i gceist.) Bhí sé seo mar pholasaí againn i rith 2020 agus 2021 agus thug sé suaimhneas intinne dár gcuid rannpháirtithe agus iad i mbun pleanála.
Ar an 6 Márta 2022, tháinig deireadh leis an riachtanas i dtaobh cruthúnas ar vacsaíniú nó ar thástáil dhiúltach COVID-19 a chur ar fáil. Ní iarrtar ar dhaoine Foirm Aimsithe Paisinéara a líonadh isteach anois ach oiread. Dá bhrí sin, tá deireadh leis na riachantaisí taistil breise a bhí ann mar gheall ar an choróinvíreas. Mar sin féin, molann muid i gcónaí an Chomhairle Taistil is déanaí ó Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann a bhaineann leis an tír ina bhfuil cónaí ort a léamh roimh thaisteal duit (tá nasc ar an leathanach seo).