Deireadh Seachtaine Ómóis do Tony Birtill

Cara dílis le hOideas Gael agus le pobal Ghleann Cholm Cille trí chéile ab ea Tony Birtill (1954–2021). Ba sna 1970í a tháinig Tony go Gleann den chéad uair agus chaith sé breis agus 30 bliain mar threoraí siúl sléibhe le hOideas Gael ó thús na nóchaidí. Sa bhaile ina chathair dhúchais, Learpholl, rinne Tony tréan oibre chun an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a chur chun cinn i measc an phobail.

Is mian linn saol Tony a cheiliúradh trína lucht aitheantais a bhailiú le chéile thar deireadh seachtaine ina mbeidh áit lárnach ag cuid de na hábhair spéise ba mhó a bhí aige: an Ghaeilge, an timpeallacht, an siúl sléibhe agus ceol traidisiúnta na hÉireann. Bronnfar táillí an chúrsa ina n-iomlán ar dhá charthanacht, mar atá, Ospís Woodlands, Learpholl agus Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall. Is é Liam Birtill, mac Tony, a roghnaigh na carthanachtaí seo.

Aoine 29 Aibreán

4:00pm–9:00pmClárú

9:00pmFáiltiú

Satharn 30 Aibreán

10:00amSiúl sléibhe
Siúlfar cuid de na bealaigh siúil ab ansa le Tony thar an deireadh seachtaine. Beidh grúpaí siúil éagsúla i gceist agus treoraí ag gach grúpa (4–6 uair an chloig).
Dóibh siúd ar mhaith leo páirt a ghlacadh sa deireadh seachtaine ach nach bhfuil in innimh siúl sléibhe a dhéanamh, cuirfear siúlóid threoraithe thart ar cheantar Ghleann Cholm Cille ar fáil (2–3 uair an chloig).

7:00pmOíche ómóis do Tony
Beidh seanchas fá dtaobh de shaol Tony i gcuideachta a mhuintire agus a chuid cairde. Tabharfar cuireadh do chách a gcuid scéalta féin a roinnt.

Domhnach 1 Bealtaine

10:00amCrainn a chur

10:30amSiúl sléibhe — mar a bhí ar an tSatharn

8:00pmCeolchoirm le ceoltóirí áitiúla

Luan 2 Bealtaine

Ar maidinSlán abhaile!

Síntiús a thabhairt

Muna féidir leat freastal ar an deireadh seachtaine ach ba mhaith leat suim airgid de do rogha féin a thabhairt do chúiseanna ar mhór le Tony iad, is féidir síntiús a thabhairt: féach an nasc faoi bhun na ngrianghrafanna ar an leathanach seo. Fógrófar an tsuim airgid a bailíodh ag tús mhí na Bealtaine. Is iad Ospís Woodlands, Learpholl agus Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall an dá charthanacht atá i gceist.

Ospís Woodlands, Learpholl

Is anseo a chaith Tony na seachtainí deireanacha dá shaol agus bhí sé féin agus a mhuintir fíorbhuíoch den chúram caoin a fuair siad san ospís.

Foireann Tarrthála Sléibhe Dhún na nGall

Cuireann an Fhoireann Tarrthála seirbhís éigeandála cuardach agus tarrtháil ar fáil ar fud Chontae Dhún na nGall. Foireann iomlán deonach atá ann agus iad ar dualgas 24 uair sa lá, 365 lá sa bhliain. Is iomaí duine a tháinig slán ó shléibhte Thír Chonaill de bharr a gcuid oibre.